Tá QQI chun painéil saineolaithe a chur ar bun chun measúnú a dhéanamh le haghaidh bailíochtú iarratais do chláir

09–11–2016

Tá feachtas earcaíochta á lainseál ag QQI (Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann) chun painéil Saineolaithe Ábhair agus Scríobhneoirí Tuarascála a chur ar bun chun measúnú a dhéanamh le haghaidh bailíochtú iarratais do chláir breisoideachais agus oiliúna agus do chláir phrintíseachta.

Bailíochtaíonn QQI cláir oideachais agus oiliúna agus bronnann sé dámhachtainí arfhoghlaimeoirí san earnáil breis oideachais agus oiliúna (do sholáthraí cláirpoiblí agus príobháideacha). Is próiseas rialála é bailíochtú trína gcinntear,go ginearálta, cibé an féidir dámhachtainí áirithe ar an QQI a thairgeadh idtaca le clár oideachais agus oiliúna soláthraí ar leith.

Chun cuidiú leis, beidh dhá phainéal á gcur le chéile ag QQI a bheith ar fáil le glaoch a chur orthu.

Saineolaithe Ábhair chun measúnú a dhéanamh le haghaidh bailíochtú iarratais do chláir breisoideachais agus oiliúna agus do chláir phrintíseachta i réimsí foghlama éagsúla.

ScríobhníoríTuarascála le haghaidh tuarascálacha mheasúnaithe a scríobh ar ardchaighdeáin foilsithe chun tacaíocht a thabhairt do Dhearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann i gcomhair cinntithe dhearbhú cáilíochta.

Déanfaidh an earcaíocht seo ag Sigmar Recruitment Consultants thar cheann QQI.

An dáta deireanach chun iarratas a dhéanamh: 5pm 5 Nollaig 2016.

Ba chóir d'iarrthóirí atá spéis acu cuairt a thabhairt ar shuíomh gréasáin www.sigmarrecruitment.com/qqi chun tuilleadh eolas a fháil agus iarratais a chur isteach. Deán teagmháil le do thoil le qqi@sigmar.ie i gcomhair tuilleadh ceisteanna.

​​

04_QQIWebPattern-Certs